Seolann W3C Obair chun Cruthú Inneachair i dTeangacha an Domhain a Shimpliú

Tacóidh na caighdeáin le hAistriúchán agus le hOiriúnú Inneachair ar an nGréasán

http://www.w3.org/ —7 Márta 2012— Úsáideann go leor de na fiontair is mó agus is rathúla an Gréasán chun dul i dteagmháil le custaiméirí ar fud an domhain mhóir. Tá sé ríthábhachtach dá ngnó faisnéis a chur ar fáil i dteangacha áitiúla. Tá obair nua á fógairt inniu ag W3C ionas go mbeidh sé níos éasca do dhaoine inneachar Gréasáin a chruthú i dteangacha an domhain. Déanfaidh an MultilingualWeb–LT (Language Technology) Working Group bealaí caighdeánacha a fhorbairt chun inneachar Gréasáin a aistriú (go huathoibríoch agus de láimh) agus a oiriúnú do riachtanais áitiúla, idir é a chruthú agus a sheachadadh chuig úsáideoirí deiridh.

Aistriúchán: Tionscal ar fiú na billiúin dollar é, agus atá i mbun fáis

Léirítear in anailísí ar an margadh gur fiú $21–26 billiún tionscal an aistriúcháin thráchtála in aghaidh na bliana, agus mar gheall air sin bíonn gnó trasteorann ar fiú na céadta billiún dollar é á dhéanamh timpeall na cruinne. D’fhéadfadh sé a bheith riachtanach do chuideachtaí ilnáisiúnta inneachar Gréasáin a aistriú go líon mór teangacha go comhuaineach, agus is minic a bhíonn ar chomhlachtaí poiblí san Eoraip agus san India cumarsáid a dhéanamh le saoránaigh in go leor teangacha éagsúla.

Meastar go bhfuil costas aistriúcháin 20% níos airde ná mar ba cheart ar an tionscal, figiúr is ionann agus na billiúin dollar, toisc nach bhfuil ann do chaighdeáin chun faisnéis maidir le hábhar cliaint aistriúcháin a mhalartú. Ina theannta sin, cailltear gnó más ann do bhacainní ar inneachar a sheachadadh i níos mó ná teanga amháin. Mar shampla, léirítear i staidéar amháin go mbíonn 51% de mhiondíoltóirí na hEorpa ag díol ar an Idirlíon, ach nach dtacaíonn ach 21% díobh le hidirbhearta trasteorann. Bíodh is gur cheannaigh 30% de shaoránaigh na hEorpa earra ar líne, níor cheannaigh ach 7% díobh sin earra ó mhiondíoltóir atá lonnaithe i mBallstát eile de chuid an AE. De réir an staidéir chéanna, seachnaíonn fiú úsáideoirí ilteangacha an Idirlín earraí a cheannach ó shuíomh atá i dteanga seachas a dteanga féin.

De réir mar a éireoidh an Gréasán níos éagsúla ó thaobh teangacha de — ba iad an tSínis, an Rúisis, agus an Araibis ba mhó ar tháinig fás orthu sna deich mbliana seo a chuaigh thart — tiocfaidh méadú ar an éileamh ar aistriúchán. Is lú ná aon trian d’úsáideoirí reatha an Ghréasáin arb é an Béarla a dteanga dhúchais, agus tiocfaidh laghdú ar an gcion sin de réir mar a mhéadóidh an Gréasán. Tá innill aistriúcháin ar líne in úsáid go forleathan cheana féin chun tacú leis an aistriúchán ar éileamh, agus dá bhrí sin, tá sé níos tábhachtaí ná mar a bhí riamh do chruthaitheoirí inneachair machnamh a dhéanamh ar na húsáidí níos déanaí sin dá n-inneachar.

Cuireann an Pobal taithí éagsúil ar fáil don W3C

D’fhonn tacú leis na treochtaí sin, ní mór don Ardán Gréasáin Oscailte atá ag teacht chun cinn (atá bunaithe ar HTML5) tacú le seachadadh inneachair i roinnt teangacha agus ní mór go mbeadh sé níos éasca do dhaoine aistriúcháin a chruthú agus a chothabháil faoin ardán.

Tá deich n-eagraíocht ina mball de W3C go sonrach le riachtanais a bhailiú agus le hobair a dhéanamh ar chaighdeáin nua chun inneachar Gréasáin a aistriú agus a chur in oiriúint do riachtanais áitiúla. Tá éagsúlacht thíreolaíoch i gceist leo, mar aon le seirbhísí gairmiúla aistriúcháin agus díoltóirí theicneolaíocht an aistriúcháin uathoibríoch. Tá an dá rud sin ríthábhachtach chun réitigh atá bunaithe ar chaighdeáin a sholáthar. Toisc go bhfuil táirgeoirí inneachair, cuideachtaí logánaithe, saineolaithe i dteicneolaíocht teangacha, díoltóirí brabhsálaithe, lucht déanta uirlisí, agus úsáideoirí ag obair leis an Meitheal, sainaithneofar réitigh a bhfuil tacaíocht fhairsing dóibh le haghaidh aistriúchán tapa ar ardchaighdeán a dhéanamh ar an nGréasán. Tríd an obair sin a dhéanamh laistigh de W3C, cinnteofar comhtháthú seirbhísí leis an Ardán Gréasáin Oscailte agus le hiarrachtaí i leith sonraí nasctha ilteangacha, rud a fhágfaidh go mbeidh gníomhaireachtaí beaga aistriúcháin agus Soláthraithe Seirbhíse Teanga móra in ann leas a bhaint astu araon.

Beidh an Meitheal i dteagmháil le heagraíochtaí eile a mbíonn baint ghníomhach acu le saincheisteanna an ilteangachais lena n-áirítear an Unicode Consortium, ETSI, ISO, agus OASIS.

Faigheann an Meitheal nua tacaíocht trí thionscadal nua MultiLingualWeb-LT, lena gcuirtear leis an tionscadal MultilingualWeb a bhí ann roimhe sin faoi stiúir W3C. Faigheann na tionscadail MultilingualWeb agus MultilingualWeb-LT araon tacaíocht ón Aontas Eorpach. Sprioc amháin de chuid an AE is ea margadh digiteach aonair a chruthú ar an nGréasán. Léirítear i staidéir go bhfuil sé ríthábhachtach na bacainní teanga a shárú chun an sprioc sin a bhaint amach.

Maidir le Feadhnacht an Ghréasáin Dhomhanda (W3C)

Feadhnacht idirnáisiúnta is ea Feadhnacht an Ghréasáin Dhomhanda ina gcomhoibríonn na balleagraíochtaí, an fhoireann lánaimseartha, agus an pobal chun caighdeáin don Ghréasán a fhorbairt. Comhlíonann W3C a mhisean go príomha trí chaighdeáin agus treoirlínte a chruthú don Ghréasán atá deartha le fás fadtréimhseach a chinntiú don Ghréasán. Tá os cionn 340 eagraíocht ina mBall den Fheadhnacht. Tá W3C faoi stiúir an MIT Computer Science and Artificial Intelligence Laboratory (MIT CSAIL) sna Stáit Aontaithe, an European Research Consortium for Informatics and Mathematics (ERCIM) a bhfuil a cheanncheathrú san Fhrainc, agus Ollscoil Keio sa tSeapáin, agus tá Oifigí breise aici ar fud an domhain. Féach http://www.w3.org/ chun tuilleadh faisnéise a fháil

Déan teagmháil le

Ian Jacobs, <w3t-pr@w3.org>, +1.718 260 9447